Ár Scéal

Is altra tréadliachta cláraithe mé maraon le bheith i mo theicneolaí cláraithe in iompraíocht ainmhithe. Is gearr go mbeidh ceann scríbe bainte amach agam le chuid staidéir le bheith cáilithe mar iompraí cliniciúil ainmhithe Tá an éiteas atá agam an-shimplí: eolas agus seifteanna traenála a chur ar fáil do úinéirí peataí, seifteanna atá riachtanach chun fadhbanna coitianta a sheachaint agus a réiteach. An aidhm atá agam comhairle praictiúil a chur ar fáil a chuideoidh le réimsí leathan de shaincheisteanna iompair.

Táim i mbun Scoil Thraenála do Choileáin ina gcuirim Ranganna Iompraíochta ar fáil maraon le bia agus táirgí ata éifeachtach agus atá táirgthe ar ard- chaighdeán eiticiúil. Creidim go diongbhálta gur fearr seasamh roimh fhadhbanna iompair agus sláinte ná a bheith ag iarraidh iad a leigheas níos deireanaí. Tugaim moltaí éifeachtacha, praicticiúla agus sodhéanta maidir le ceisteanna a bheadh agat faoi do choileán ionas nach mothóidh tú riamh go bhfuil tú id aonar.

An misean atá agamsa, tá sé an-shimplí: Tabharfaidh mé an aire agus an aird chéanna do do mhadra is a thugaim do mo mhadra fhéin. Díreach mar a thug mé aire do Murphy mo mhadra féin. Mar úinéir madra mé féin tuigim go maith go mbíonn fadhbanna iompraíochta ag madraí ó am go ham agus ní bhíonn aon mhilleán orthu féin go minic. B’fhéidir go mbíonn strus, imní nó cúinsí eile ag cur isteach ar a n-iompar. Go minic, is easpa tuisceana thar aon rud eile is cúis le fadhbanna iompair. Creidim go láidir gur féidir an ceann is fearr a fháil ar na saincheisteanna seo trí úsáid a bhaint as traenáil athreisithe dearfach. Táim cinnte dearfa faoi seo os rud é go bhfuil úsáid bainte agam as na teicnící seo le mo chuid madraí féin anuas tríd na blianta.

Le rang a chur in áirithe, téigh i dteagmháil liom agus bímis ag obair as lámh a chéile!



BACK TO TOP